Mionsonraí an Agallaimh | Fad | Éist |
Mar a tháinig na chéad Duibheannaigh go Rann na Feirste: Conall Ó Duibheannaigh - ghlac sé scilling na banríona agus b’é an chéad Duibheannaigh in Rann Na Feirste. | 00:01:18 | |
Seo eolas John Ghráinne ar an scéim a bhunaigh an rialtas 1935 – 1937. Tugadh talamh agus tithe do theaghlaigh i gCo. na Mí agus d’fhág teaghlaigh Conamara, Rann na Feirste agus Gaoth Dobhair agus shocair siad i gCo. Na Mí, an áit ar fhás Gaeltacht úr. D’imigh dream Rann an Feirste 14 Aibreán 1937. Chuaigh níos mó de dhream Chonamara go Co. Na Mí in 1935. Bhris siad a gcroí le cumha. | 00:05:46 | |
Na daoine a d’fhág Rann na Feirste faoi scéim an Rialtais agus d’imigh siad go Co. Na Mí. Tugadh dhá acra agus fiche – cúig acra agus fiche do gach teaghlach, tithe, beithígh agus cúpla ceann eallaigh. D’imigh cuid acu go hAlbain ina dhiaidh sin, theagasc cuid acu Gaeilge agus d’imigh cuid acu san airm. Bhí dúshlán rompu nuair a chuaigh siad suas ansin, bhí corr scirmis idir na daoine a shocair ansin agus muintir na Mí. Shocair cuid acu go maith ach bhí cuid eile nár shocair ariamh. Bhí cumha orthu i ndiaidh an bhaile. Tháinig siad ar ais chomh minic agus a thiocfadh leo ach bhí na tithe tugtha ar shiúl acu. | 00:08:25 | |
D’imigh John é féin go Baile Átha Cliath ag obair. Ba ghnách leis a dhul ar cuairt chuig dream Rann na Feirste a bhog go Co. Na Mí ar a ghearrán iarainn (rothar). Chonaic sé féin an chumha a bhí ar na daoine sin. | 00:03:25 | |